30/09/2025
Ba mhór ag Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis tú a bheith i láthair ag Léacht Uí Chadhain 2025. Tabharfaidh an tOllamh Lillis Ó Laoire caint dar teideal, “’Uimhir gan iomrá i measc mhairbh an chogaidh’: Léamh ar an úrscéal Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh”.
Tabharfar an léacht Dé Máirt, an 21 Deireadh Fómhair ar 7 i.n. i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI), 86 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2.
Ticéid ar fáil (saor in aisce) tríd Eventbrite - nasc sa bio.
Fáilte roimh chách!