Acadamh Ghaoth Dobhair

Acadamh Ghaoth Dobhair Contact information, map and directions, contact form, opening hours, services, ratings, photos, videos and announcements from Acadamh Ghaoth Dobhair, College & University, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn.

Bhí oíche mhór craic agus ceoil aréir ag mic léinn Hibernia i dTeac Jack. Buíochas le Críostóir, Colm agus MartinAcadamh...
21/07/2026

Bhí oíche mhór craic agus ceoil aréir ag mic léinn Hibernia i dTeac Jack. Buíochas le Críostóir, Colm agus Martin

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge University of Galway

Tá ár gcuid mac léinn as Ollscoil Iarthar Washington ag caitheamh na seachtaine seo in Áras na Gaeilge in Ollscoil na Ga...
17/07/2026

Tá ár gcuid mac léinn as Ollscoil Iarthar Washington ag caitheamh na seachtaine seo in Áras na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe faoi stiúir an Dr Dorothy Ní Uigín.

Tá siad ag baint sult as Cathair na dTreabh ach thug siad cuairt ar chúpla láthair i gConamara chomh maith: TG4, RnaG, Teach an Phiarsaigh, an tAcadamh ar an Cheathrú Rua agus Trá an Dóilín ina measc.

Míle buíochas le hachan duine a chuir fearadh na fáilte rompu. Bhí an-spórt acu ag cur i láthair na haimsire i TG4!

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge University of Galway Western Washington University TG4 Raidió na Gaeltachta (Oifigiúil) Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara Niall Ó Murchú Fairhaven College, Western Washington University

Bhain mic léinn Hibernia an-sult as an cheol agus as an chraic ag an chéilí aréir i dTeac Jack. Buíochas le Críostóir, C...
14/07/2026

Bhain mic léinn Hibernia an-sult as an cheol agus as an chraic ag an chéilí aréir i dTeac Jack. Buíochas le Críostóir, Colm & Martin.

University of Galway Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Bhí neart tallainne ar an stáitse anseo aréir leis na scoraíochtaí ag mic léinn Hibernia College.Comhghairdeas le Rang 2...
10/07/2026

Bhí neart tallainne ar an stáitse anseo aréir leis na scoraíochtaí ag mic léinn Hibernia College.

Comhghairdeas le Rang 2 a bhuaigh an comórtas! Maith sibh uilig!

University of Galway Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Bhí oíche mhór chraic, cheoil agus dhamhsa ag mic léinn Hibernia College agus mic léinn Western Washington University  a...
07/07/2026

Bhí oíche mhór chraic, cheoil agus dhamhsa ag mic léinn Hibernia College agus mic léinn Western Washington University aréir i dTeach Jack. Buíochas le Críostóir, Bella agus Martin. Maith sibh uilig!

Hibernia College Western Washington University University of Galway Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Teac Jack Glassagh Fairhaven College, Western Washington University

Chuaigh na mic léinn ó Ollscoil Iarthar Washington ar thuras lae Dé Sathairn.Grianán Ailigh ar an Bheart an chéad rud a ...
06/07/2026

Chuaigh na mic léinn ó Ollscoil Iarthar Washington ar thuras lae Dé Sathairn.

Grianán Ailigh ar an Bheart an chéad rud a chonaic siad. Níl léamh ná scríobh ná insint béil ar na radhairc ón dún ársa sin.

Ar aghaidh leo go Doire ansin, ait a ndeachaigh siad ar shiúlóid threoraithe. Chaith siad seal in Ardeaglais Eoghain ar dtús agus ansin shiúil siad fríd Thaobh an Bhogaidh, áit ar fhoghlaim siad fá Dhomhnach na Fola. Chuala said roinnt fíricí fá Léigear Dhoire agus iad ag spaisteoireacht ar na ballaí.

I ndiaidh am lóin thug siad cuairt ar Halla na Cathrach, áit a bhfaca siad sárthaispeántas fá Phlandáil Uladh. Chonaic siad Droichead na Síochána ansin agus d'fhoghlaim siad rud beag fá Chearnóg Ebrington.

Lá fada siúil a bhí ann ach bhain siad sult as.

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge University of Galway Western Washington University Grianan of Aileach Visit Derry Derry City & Strabane District Council Fairhaven College, Western Washington University

Leabhair úr le foilsiú gan mhoill ag ar gcomhleacaí, Noel, i gcuimhne ar Tom a Bhungalo.  Ag súil go mór leis.
30/06/2026

Leabhair úr le foilsiú gan mhoill ag ar gcomhleacaí, Noel, i gcuimhne ar Tom a Bhungalo. Ag súil go mór leis.

Cuirimid fáilte roimh mhic léinn ó Western Washington University atá anseo linn i nGaoth Dobhair ar feadh coicíse le Gae...
29/06/2026

Cuirimid fáilte roimh mhic léinn ó Western Washington University atá anseo linn i nGaoth Dobhair ar feadh coicíse le Gaeilge a fhoghlaim agus blaiseadh a fháil de chultúr na Gaeltachta. Seo an tríú bliain grúpa a bheith againn ón ollscoil sin a bhuíochas lenár gcara, Niall Ó Murchú, atá ina Ollamh ansin. Tar éis na heitilte fada ó Seattle agus turas bus ó Bhaile Átha Cliath inné, bhí lúcháir orthu siúlóid dheas a dhéanamh i bPort Arthur aréir.

University of Galway Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Fairhaven College, Western Washington University

24/06/2026

Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach 💻 ar ais sa stiúideo agus é ag caint faoi rabhadh atá a thabhairt ag an Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí (Children’s Rights Alliance) agus faoi Amazon Prime Day’s: https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/22624077/

Address

Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
F92V2AW

Opening Hours

Monday 9am - 5:30pm
Tuesday 9am - 5:30pm
Wednesday 9am - 5:30pm
Thursday 9am - 5:30pm
Friday 9am - 5:30pm

Telephone

+353749531919

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Acadamh Ghaoth Dobhair posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The University

Send a message to Acadamh Ghaoth Dobhair:

Shortcuts

Share