26/02/2015
'Idir Dhá Shaol: Scríbhneoirí na hAthbheochana i Sasana agus in Éirinn'
Ríona Nic Congáil | Dé Sathairn 14 Márta | 12.15pm
Díreoidh an chaint seo ar scríbhneoirí Gaeilge na hathbheochana a bhí lonnaithe i Sasana nó a chaith cuid mhaith ama i Sasana. I measc na ndaoine seo, tá Liam P. Ó Riain, Pádraic Ó Conaire, Mícheál Breathnach, Norma Borthwick agus Mícheál Mac Liammóir. Breathnófar ar a gcúlra agus ar an gcaoi ar mealladh i dtreo na Gaeilge iad. Déanfar trácht ar an gciorcal scríbhneoireachta a chothaigh siad, ar an tionchar a bhí ag an saol i Sasana ar a gcuid scríbhneoireachta agus ar an mbaint a bhí acu le scríbhneoirí Gaeilge in Éirinn.
Mar shampla, ba dhuine ceannródaíoch é Liam P. Ó Riain (1867–1942), a raibh tionchar aige ar imeachtaí liteartha, cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla in Éirinn agus i Sasana ó dheireadh an naoú haois déag go dtí aimsir an tSaorstáit. Tar éis dó dul ar imirce chun ceird na hiriseoireachta a fhoghlaim i Londain, d’fhill sé ar Éirinn, áit a bhfuair sé post mar eagarthóir an nuachtáin náisiúnta The Irish Peasant. Thuig Ó Riain an tábhacht a bhain leis an gcomhoibriú i measc scríbhneoirí na Gaeilge agus chothaigh sé gréasáin idir lucht na Gaeilge in Éirinn agus i Sasana. Chomh maith leis sin, bhí sé ar thús cadhnaíochta agus é ag iarraidh cultúr Gaelach na n-óg a chur chun cinn, cur chuige a bhí bunaithe ar a thaithí ar chultúr na n-óg i Sasana.
Sa chaint seo, déanfar iarracht cur le saothar cuimsitheach Dhonncha Uí Shúilleabháin, Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, a foilsíodh sa bhliain 1989.
http://www.leachtaicholmcille.ie/achoimri/